An Cholóim | |||||
---|---|---|---|---|---|
Colombia (es) | |||||
|
|||||
Aintiún | Himno nacional de Colombia | ||||
Mana | «Libertad y Orden» «Freedom and Order» «Свобода и ред» «Colombia is magical realism» «Wolność i porządek» «Liberdade e orde» | ||||
Ainmnithe in ómós | Criostóir Colambas | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Príomhchathair | Bogotá | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 49,065,615 (2017) | ||||
• Dlús | 42.97 hab./km² | ||||
Teanga oifigiúil | an Spáinnis | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Cuid de | Meiriceá Laidineach Meiriceá Easpáinneach Meiriceá Theas Ibéir-Mheiriceá | ||||
Achar dromchla | 1,141,748 km² | ||||
Airde | 223 m | ||||
Pointe is airde | Pico Cristóbal Colón (en) (5,775 m) | ||||
Pointe is ísle | An tAigéan Ciúin (0 m) | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Leanann sé/sí | United States of Colombia (en) | ||||
Cruthú | 1810 | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Córas rialtais | poblacht | ||||
Comhlacht feidhmiúcháin | Rialtas na Colóime | ||||
Comhlacht reachtach | Comhdháil na Colóime | ||||
• Uachtarán na Colóime | Gustavo Petro | ||||
Eacnamaíocht | |||||
OTI ainmniúil | 318,511,813,577 $ (2021) | ||||
Airgeadra | peso na Colóime | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Fearann Idirlín barrleibhéil | .co | ||||
Glaochód | +57 | ||||
Uimhir theileafóin éigeandála | 123 | ||||
Cód tíre | CO | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | gov.co |
Is tír i Meiriceá Theas í An Cholóim, le cóstaí ar an Aigéan Ciúin is ar an Aigéan Atlantach.
Tá teorainneacha aici le Veiniséala, leis an mBrasaíl, le Peiriú, le Eacuadór agus le Panama. Is í Bogotá an phríomhchathair. Tá 49 milliún duine ina gcónaí ann.
Bhí cogadh cathartha ar siúl sa Cholóim idir an eite dheis agus na reibiliúnaigh, ar a nglaoitear FARC (Fuerzas Armadas Revolucionarias de Colombia nó Fórsaí Armtha Réabhlóideacha na Colóime). Le breis is 50 bliain bhí FARC i mbun eachtraí foréigin sa tír agus d'fhág an chogaíocht ansin breis is 250,000 duine marbh.
Bhí an eite dheis ar thaobh an rialtais agus na reibiliúnaigh ar an eite chlé. Thacaigh rialtas SAM leis an eite dheis, i gcogadh i gcoinne na ndrugaí.
Nuair a toghadh Alvaro Uribe i réim i 2002, bhí an tír ar tí titim as a chéile. Bhí greim docht ag na treallchogaithe FARC ar chuid den tír agus bhí siad díreach tar éis ceann dá n-éachtaí ba mhó a bhaint amach: fuadach Ingrid Betancourt, duine de na hiarrthóirí sa toghchán uachtaránachta a bhuaigh Uribe.
Le cúnamh Meiriceánach faoin bPlean Colómach, thug Uribe faoin FARC, go díreach dá mba chrosáid phearsanta í, rud nach ionadh é toisc gur mharaigh an FARC a athair tar éis gur theip ar fhuadach i 1983.
I mí na Bealtaine 2010, críochnóidh Alvaro Uribe a dhara téarma mar uachtarán na Colóime. Toghadh Juan Manuel Santos ina uachtarán na Colóime don chéad uair ar 7 Lúnasa 2010. Bhí polasaí níos séimhe ag teastáil ó mhuintir na tíre ag an am sin, rud a thóg an FARC isteach sa phróiseas polaitiúil.
Fógraíodh sos comhraic ina measc siúd a bhí i mbun cogaíochta sa bhliain 2016.
Bronnadh Duais Nobel na Síochána na bliana 2016 ar Uachtarán na Colóime Juan Manuel Santos dá iarrachtaí siúd an tsíocháin a chothú.
2 D.F. 2016: Vótáil móramh de phobal na tíre in aghaidh an chomhaontaithe síochána a bhí socraithe idir rialtas na tíre sin agus reibiliúnaigh an FARC. Móramh beag a bhí i gceist.
Bhí triúr Éireannach a bhfuil ceangal acu leis an IRA ciontaithe i gcúirt sa Cholóim as tacú leis an FARC. Thréig siad an tír. Tugtar Triúr na Colóime orthu in Éirinn.
Tá an Cholóim roinnte i 32 Ranna agus Dúiche Príomhchathrach atá mar aon le roinn, cé go bhfuil Bogotá mar phríomhchathair roinne Cundinamarca.
Tá na Ranna roinnte ina dhiaidh sin i mbardais, agus ina dhiaidh sin i corregimientos in áiteanna faoin tuath, agus comunas i gceirtleáin uirbeach. Tá rialtas áitiúil ag gach roinn le gobharnóir agus tionól, a toghfar gach ceithre bliana. Tá méara agus comhairle ag gach bardas freisin agus toghcháin áitiúil don bhord riaracháin áitiúil i ngach corregimientos agus comunas.
Chomh maith leis an bpríomhchathair, tá stádas áirithe ag ceithre dúiche eile, de bharr gnéithe sainiúil áirithe; sé sin Barranquilla, Cartagena, Santa Marta agus Buenaventura.
|
|
Is tír uirbithe í an Cholóim; tá 77.1% den daonra sa bhliain 2018 ina chónaí i limistéar uirbithe. Is iad Bogotá (7,387,400), Medellín, (2,382,399) agus Cali, (2,172,527) na cathracha is mó agus is tábhachtach sa tír.
Cathracha is mó sa Cholóim | ||||||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
Cathair | Roinn | Daonra | Cathair | Roinn | Daonra | |||||||
1 | Bogotá | Cundinamarca | 7,715,778 | 11 | Villavicencio | Meta | 531,275 | |||||
2 | Medellín | Antioquia | 2,490,164 | 12 | Ibagué | Tolima | 501,991 | |||||
3 | Cali | Valle del Cauca | 2,205,680 | 13 | Santa Marta | Magdalena | 484,025 | |||||
4 | Barranquilla | Atlántico | 1,273,646 | 14 | Valledupar | Cesar | 468,165 | |||||
5 | Cartagena de Indias | Bolívar | 914,552 | 15 | Manizales | Caldas | 420,933 | |||||
6 | Cúcuta | Norte de Santander | 777,106 | 16 | Pereira | Risaralda | 399,283 | |||||
7 | Soledad | Atlántico | 664,141 | 17 | Montería | Córdoba | 395,184 | |||||
8 | Bucaramanga | Santander | 597,316 | 18 | Neiva | Huila | 340,512 | |||||
9 | Soacha | Cundinamarca | 567,546 | 19 | Pasto | Nariño | 305,360 | |||||
10 | Bello | Antioquia | 536,427 | 20 | Armenia | Quindío | 297,052 | |||||
2020 - DANE |
Tíortha Mheiriceá Theas |
Airgintín, an | Bholaiv, an | Bhrasaíl, an | Cholóim, an | Eacuadór | Ghuáin, an | Paragua | Peiriú | tSile, an | Suranam | Uragua | Veiniséala |
Is síol faoi thíreolaíocht na Colóime é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |