Bhí Hugo Rafael Chávez Frias (28 Iúil 1954 – 5 Márta 2013) ina uachtarán ar Veiniséala.
An dara mac ag beirt mhúinteoir, agus bhí sé ina oifigeach airm óna óige. Nuair a theip ar éirí amach míleata in aghaidh rialtas na tíre, ina ndearna Chávez agus oifigigh eile iarracht an phríomhchathair a ghabháil, cuireadh chun príosúin é ar feadh dhá bhliain. Bhunaigh sé "Gluaiseacht na Cúigiú Poblachta" (MVR—Movimiento Quinta República), i 1992.
Toghadh Chávez ina Uachtarán i 1998 mar gheall ar na geallúintí a thug sé go dtroidfeadh sé in aghaidh an bhochtanais agus na caimiléireachta. Ghnóthaigh sé 56% den vóta sa toghchán.
A éachtaí:
Bhí meánaicmí agus uasaicmí Veiniséala an-naimhdeach i gcoinne Chávez, agus chuir siad caimiléireacht toghcháin, sárú cearta daonna agus cos ar bolg ina leith. Táthar in amhras i gcónaí maidir le cumas rialaithe Chávez, agus eacnamaíocht na tíre ag brath go hiomlán ar phraghas ard na peitriliam.
Na himeachtaí: